Gaoth Dobhair

7/08/2017

Comórtas Thír Chonaill

Beidh babhta áitiúil Thír Chonaill den Aonach ar siúl i gceantar Ghaoth Dobhair, i gcroí lár na Gaeltachta ar an 7ú Lúnasa.

Tá cliú agus cáil ar Ghaeltacht Thír Chonaill agus ar cheantar Ghaoth Dobhair ó thaobh an cheoil, cúrsaí aisteoireachta agus spóirt de agus is cinnte go mbeidh saibhreas teangan, cumas amhránaíochta agus luthchleasaíocht d’ard chaighdeán le feiceáil ar pháirc na himeartha agus ar na hardáin le linn Aonach Tailteann.

Más ag glacadh páirte in imeachtaí an Aonaigh a bhéas tú, nó mar dhuine den lucht féachána, tá clár cuimsitheach curtha le chéile , le na láithreacha ar fad in aicearracht a chéile.

Bígí linn ar Pháirc CLG Ghaoth Dobhair i Machaire Gáthlán, do spórt agus spraoi ar maidin, sa Chrannóg i Srath na Corcra don taispeántas ar shean cheardaíocht agus uirlisí dúchasacha , nó caith seal in Amharclann Ghaoth Dobhair in Ard na gCeapairí ag baint suilt as na taispeántais ardáin a bhéas ag an dream óg agus fásta.

Tá draíocht, áilleacht agus scléip sa pharóiste seo agus tá súil againn go mbeidh Aonach Tailteann ar ais ann ar an bhliain seo chugainn!

Foirm Iarratais Thír Chonaill