Aonach Tailteann

Comórtas Thír Chonaill

Beidh babhta áitiúil Thír Chonaill den Aonach ar siúl i gceantar Ghaoth Dobhair, i gcroí lár na Gaeltachta ar an 7ú Lúnasa.

Tá cliú agus cáil ar Ghaeltacht Thír Chonaill agus ar cheantar Ghaoth Dobhair ó thaobh an cheoil, cúrsaí aisteoireachta agus spóirt de agus is cinnte go mbeidh saibhreas teangan, cumas amhránaíochta agus luthchleasaíocht d’ard chaighdeán le feiceáil ar pháirc na himeartha agus ar na hardáin le linn Aonach Tailteann.

Tuilleach Eolais

Bunaíodh Aonach Tailteann in 2017 le hardú meanman a thabhairt do phobal na Gaeltachta, le nascanna a chruthú idir na ceantair éagsúla, agus le hardán a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a mbuanna a chur os comhair a bpobal.

Ainmníodh an comórtas as an tseanfhéile ‘Aonach Tailteann’ a reáchtáiltí fadó, fadó in Éirinn. Nuair a bhásaigh Tailtiú, máthair an Dé Lugh, d’eagraigh sé an tAonach in ómós di. Bhíodh sochraidí, cleamhnais agus comórtais spóirt agus dán mar chuid d’Aontaí na linne sin. Mhair an tAonach, nó leaganacha éagsúla sin, tríd na blianta - ó aimsir na bhFiann go haimsir Bhriain Bhóirmhe go haimsir na nÉireannach Aontaithe agus níos déanaí.

Nuair a bunaíodh an Saorstát, beagnach céad bliain ó shin, eagraíodh The Tailteann Games, i mBaile Átha Cliath agus tugadh cuireadh do lúthchleasaithe de shliocht na hÉireann ar fud an domhain páirt a ghlacadh ann.

Tá an leagan seo d’Aonach Tailteann dírithe ar mhuintir na Gaeltachta agus í mar aidhm ag an gcomórtais na pobail Ghaeltachta ar fud na hÉireann a tharraingt le chéile agus ardán a thabhairt dóibh a mbuanna spóirt agus ealaíon a chur os comhair an tsaoil.

Tá súil ag Aonach Tailteann freastal ar an uile chineál duine - an lúthchleasaí, an t-ealaíontóir, scríbhneoir, an snámhaí, an ceardaí, an file agus daoine eile nach iad. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as an gcomórtas agus go spreagfaidh sé muintir na Gaeltachta a bheith bródúil as a n-áit dhúchais agus as an bpobal a mhaireann ann.

Déan Teagmháil Linn